Tóg É Go Bog É en Kila

Letra de musica Tóg É Go Bog É en Kila

Tóg É Go Bog É
Tóg É Go Bog É

Gafaithe in áit a líonann an trácht atá mé
Gafaithe in áit a chreidfeadh tú é
Gafaithe in áit a rialaíonn an trácht a bhí mé
N'fheadar conas ach is cinnte go n-éalódh mé

Chun imeacht i dtreo na bóithre gan cosán le mo thaobh atá mé
Chun taisteal thiar 's thall arís ar bhrollach an domhain atá mé
Chun díriú i dtreo an dúchais ar tógadh mé atá mé
N'fheadar conas ach is cinnte go shroichfidh mé é

Slán agaibh
Slán agaibh uilig
Slán agaibh
Agus buailfidh mé libh arís ar ball
Slán agaibh
Slán agaibh uilig
Slán agaibh
Agus tiocfaidh mé ar ais arís ar ball

Ag fuascailt na sciatháin atá díomhaoin i mo cheann atá mé
Ag lorg radharc lena ritheann an tuiscint léi atá mé
Ag lorg sos agus síochán do mo chroí 's mo cheann atá mé
Is cuma conas ach go bhfaighfidh mé é

Tóg é go bog é
Glac é go réidh
Tóg é go bog é
Ná bí ag troid leat féin
Tóg é go bog é
Glac é go réidh
Tóg é go bog é
Tochaill go doimhin ionat féin
Tóg é go bog é
Glac é go réidh
Tóg é go bog é
Lig don solas teacht isteach i do shaol
Tóg é go bog é
Glac é go réidh
Tóg é go bog é
Tiocfaidh sé nuair a thagann sé

Ag lorg áit lena mbuaileann an fharraige leis an spéar atá mé
Ag lorg tobar na tinte óna lastar ár saol atá mé
Ag iarraidh fás agus forbairt a chothú ar an saol atá mé
Agus cúiseanna ceiliúradh a chur chunn cinn timpeall orm atá mé

Tóg é go bog é
Glac é go réidh
Tóg é go bog é
Ná bí ag troid leat féin
Tóg é go bog é
Glac é go réidh
Tóg é go bog é
Tochaill go doimhin ionat féin
Tóg é go bog é
Glac é go réidh
Tóg é go bog é
Lig don solas teacht isteach i do shaol
Tóg é go bog é
Glac é go réidh
Tóg é go bog é
Tiocfaidh sé nuair a thagann sé

incorrecto video?