Glanfaidh Mé en Kila

Letra de musica Glanfaidh Mé en Kila

Glanfaidh Mé
Glanfaidh Mé

Mé ag dul in aois arís
Ag fás in mo shaol
Leí ag sroicheadh bís arís
Ach mise liom féin
Má bhraitheann mé an íseal brí anuas orm arís
Glanfaidh mé amach é mar a ghlan mé cheana féin
Má bhraitheann mé an doicheall anuas orm arís
Glanfaidh mé amach é mar atá ar bun agam anois

Glanfaidh mé a leithéad de scáth ó mo chroí - glanfaidh mé amach iad
Glanfaidh mé a leithéad de scamaill amch as mo shlí - glanfaidh mé amach iad
Go amach as mo shlí
As mo chroí

Do braith mé as íseal brí ag brú anuas orm arís
Glanfaidh mé amach é
Bhraith mé doicheall na diabhail ag déanamh lóistín laistigh díom arís
Glanfaidh mé amach é
Bhraith mé mo mhisneach ag ídiú uaim 's ag dul amú orm arís
Glanfaidh mé amach
Do bhraith mé an dorchadas do mo thimpeallú 's ag cur isteach orm arís
Glanfaidh mé amach é

Glanfaidh mé a leithéad de scáth ó mo chroí - glanfaidh mé amach iad
Glanfaidh mé a leithéad de scamaill amch as mo shlí - glanfaidh mé amach iad

Beidh mé réidh
Beidh mé romhat
Beidh mé úr
Beidh mé ullamh
Beidh mé socair ionam féin arís

Beidh mé leí
Beidh mé leo
Beidh mé leat
Beidh mé lán
Beidh mé iomlán folláin arís

Beidh mé saor
Beidh mé sona
Beidh mé suan
Beidh mé slan
Ar ais chum fhéin arís

Beidh mé clé
Deas
Thuaidh
Theas
Socair ionaim féin arís

Glan glan glan arís glan glan arís
Glan glan glan go dtí bhfuil mé sona sásta
Glan glan glan arís glan glan arís
Glan glan go dtí go bhfuil mé slán sabháilte

Dia liom
Dia leat
Dia leis
Dia leí
Dia leo
Dia libh
Dia linn uilig
Dia dhá réiteach

incorrecto video?